Los costos de envío se calcularán en base a esta dirección en todo el sitio.
Selecciona tu país
América
Argentina
Brasil
Canadá
Chile
Colombia
Costa Rica
Ecuador
El Salvador
Estados Unidos
México
Perú
República Dominicana
Uruguay
Europa
Alemania
Austria
Bélgica
Croacia
Dinamarca
Eslovaquia
Eslovenia
España
Finlandia
Francia
Grecia
Hungría
Irlanda
Italia
Letonia
Malta
Noruega
Países Bajos
Polonia
Portugal
Reino Unido
República Checa
Serbia
Suecia
Suiza
Resto del mundo


Cath idir an Pobal agus an Murder Machine
Kerron Ó Luain (Autor) · Iskra Books · Tapa Dura
Quedan 100 unidades
$ 38.26Tugann an Dr Kerron Ó Luain iniúchadh leitheadach ar chaoga bliain de ghluaiseacht na Gaelscolaíochta in Éirinn. Bunaithe ar thaighde staire béil, chomh maith le foinsí cartlainne agus meán, tugann an saothar seo léargas ar leith ar an gcaoi ar oibrigh pobail ar fud na hÉireann chun earnáil iomlán nua Gaelscolaíochta a thógáil, go minic d'ainneoin fórsaí stáit, coilíneacha agus nualiobrálacha.
Roimh do Ghluaiseacht na Gaelscolaíochta teacht in inmhe sna 1970í is beag duine a shamhlódh go mbeadh fás as cuimse i ndán do scoileanna lán-Ghaeilge na tíre. Bhí drochbhail ar an nGaelscolaíocht in Éirinn, í ag dul i léig, faoi ionsaí ag an earnáil stáit sa dá dhlínse agus gan tacaíocht i gceachtar acu. In "Cath idir an pobal agus an Murder Machine" Gluaiseacht na Gaelscolaíochta, 1973-2023 déantar anailís ar an gcaoi ar éirigh le gnáth-Ghaeil an taoide a iompú. Baintear leas as breis agus caoga agallamh le gníomhairí agus oideachasóirí, mar aon le nuachtáin na linne agus cáipéisí stáit, chun forbairt na gluaiseachta a chíoradh. Anailís ghéarchúiseach atá sa leabhar, trí lionsaí an díchoilínithe agus aicme, ar ghluaiseacht fhorásach arbh éigean di dul in adharca le córais chaipitleacha agus choilíneacha an dá stát, nó an murder machine, chun a spriocanna a bhaint amach.
Déanann an saothar ceannródaíoch seo, an chéad fhoilseachán de Bhradán Feasa, inphrionta de Iskra Books, an stair áitiúil a nascadh le léargais idirnáisiúnta ar ghluaiseachtaí teanga agus streachailtí oideachais. Is cuntas staire agus teistiméireacht phoiblí é, ag nochtadh na féidearthachta a bhaineann le múnlaí oideachais faoi stiúir an phobail agus eagrúchán ón mbonn aníos. Is acmhainn ríthábhachtach é an leabhar seo do scoláirí staire, teangeolaíochta agus oideachais, agus d'éinne atá tiomanta do thodhchaí bheo a thógáil don Ghaeilge.
¿Tienes una pregunta sobre el libro? Inicia sesión para poder agregar tu propia pregunta.

