Compartir
Tine sa Chácóin (en irish)
Panu Petteri Hoglund (Autor)
·
Evertype
· Tapa Blanda
Tine sa Chácóin (en irish) - Panu Petteri Hoglund
Libro Nuevo
Importado
Envío: 16 a 22 días háb.
$ 50.38$ 27.71
Costos de importación incluídos en el precio ✅
Reseña del libro "Tine sa Chácóin (en irish)"
Tír shuaimhneach shíochánta i dTuaisceart na hEorpa a bhí sa Chácóin tráth. Anois áfach tá sí ar coipeadh le seinea-fóibe is le sceimhlitheoireacht. Maraíodh fear ceannais na heite deise antoiscí, agus an chuma ar an scéal go bhfuil lucht a leanúna ag cromadh ar fheachtas sceimh-litheoireachta le díoltas a bhagairt ar an tsochaí go léir. Caithfidh Makar Turkan, bleachtaire, an dún-mharfóir a cheapadh sula rachaidh cúrsaí na tíre ó smacht go hiomlán.Tháinig an scéal seo i gcló an chéad uair ar an iris Ghael-Mheiriceánach An Gael i dtús na 2010idí, ach níor imigh a dhath dá thoipiciúlacht idir an dá linn.Scéinséir é seo atá bord ar bhord le himeachtaí corracha ár linne. Scéal grá é freisin. Achainí phaiseanta atá ann ar son cairdis agus muintearais, in aghaidh gach cineál ciníochais. ---Scríbhneoir Gaeilge agus aistritheoir gairmiúil ón bhFionlainn é Panu Petteri Höglund a chaith na blianta fada ag déanamh dianstaidéir ar scríbhinní Gaeilge na Gaeltachta idir litríocht agus bhéaloideas. Bhain sé amach céim sa léann Ghearmánach, Pholannach agus Rúiseach ó Åbo Akademi (Ollscoil Sualainnise na Fionlainne). Tá sé meáite ar lón léitheoireachta a sholáthar do lucht na Gaeilge a shásós na héilimh is airde amuigh. Tháinig cúig leabhar próis i gcló uaidh cheana féin, mar atá, Sciorrfhocail (2009 - úrscéilín agus scéalta), An Leabh-ar Nimhe (2012 - gearrscéalta uafáis in aithris ar H. P. Lovecraft), An Leabhar Craicinn (2013 - gearrscéalta earótacha) agus An tSlaivéin (2013 - úrscéal faoi Oirthear na hEorpa), agus An Fhondúir-eacht (2014 - leabhar ficsin eolaíochta le hIsaac Asimov).
- 0% (0)
- 0% (0)
- 0% (0)
- 0% (0)
- 0% (0)
Todos los libros de nuestro catálogo son Originales.
El libro está escrito en irish.
La encuadernación de esta edición es Tapa Blanda.
✓ Producto agregado correctamente al carro, Ir a Pagar.